Gaeilge

Bunaíodh CaorAcla Teo i 2012 chun bialanna, óstáin agus gnóthaí feola a chur ar an eolas faoi mhianach uaineoil chaoirigh sléibhe Acla agus dá réir margadh tairbheach buntáisteach a chruthú d’fheirmeoirí caorach Acla.

Díríodh ar bhialanna den chéad scoth i mBaile Átha Cliath i dtús ama agus bhí lucht bainistíochta na mbialanna agus a gcuid custaiméirí chomh tógtha le blas na huaineola gur méadaíodh ar orduithe agus ar uimhir na mbialanna a chuir uaineoil Acla ar a mbiachláir. Faoi dheire shéasúir 2013 bhí orduithe ag teacht ó áitecha eile mar Ghaillimh agus Cábhán. Tugtar uaineoil as Acaill i veain chuisnithe d’ár gcuid go gníomhaire i mBaile Átha Cliath uair nó dhó sa tseachtain le dáileadh ar na bialanna éagsúla sa chathair.

Tá muid dóchasach go mbeidh méadú suntasach ar éileamh ar ár n-uaineoil i 2014 agus go mbeidh feirmeoirí caorach Acla eagraithe in am chun an t-éileamh sin a shásamh. Tá ainm oifigiúil Gaeilge “CaorAcla” ar stáisinéireacht uilig an ghnó chomh maith leis an seoladh oifigiúil. Beidh an chomharthaíocht “CaorAcla” breactha ar ár veain chuisnithe i 2014 agus déanann muid fógraíocht ins an bpáipéar áitiúil i nGaeilge agus i mBéarla.

Úsáideann muid Gaeilge an oiread is féidir in ár dteagbháil leis na feirmeoirí caorach agus lenár gcustaimeirí.